Bileoga Gníomhaíochta

Conairí agus Bileoga Oibre do gach Uile Chineál Cuairteora

Ó chonairí ainmhithe go dtí turais ailtireachta…

…cuireann Caisleán Bhaile Átha Cliath réimse leathan de bhileoga gníomhaíochta ar fáil do theaghlaigh agus do leanaí. Tá bileoga teaghlaigh agus pacáistí acmhainní ar fáil saor in aisce le húsáid ar fud na Seomraí Stáit. Ní gá ach iad a lorg ag an deasc eolais nó iad a íoslódáil thíos.

Cuireann an Caisleán roinnt pacáistí acmhainní oideachais ar fáil freisin a dhíríonn go sonrach ar ghnéithe lárnacha de churaclam na scoile, ré na Réabhlóide in Éirinn agus taispeántais ealaíne san áireamh. Íoslódáil na bileoga gníomhaíochta sin anseo.

Déan teagmháil leis an rannóg oideachais ag +353 1 6458812dublincastleeducation@opw.ie.

Do Chuairteoirí

Eachtra na nAinmhithe

Aimsigh na hainmhithe a d’éalaigh isteach sa Chaisleán!

Gníomhaíocht Ailtireachta don Teaghlach

Pléigh le foirgnimh, taobhanna istigh, cruthanna agus ábhair síos trí na haoiseanna.

Conair don Teaghlach

Tá tóir mhór ag teaghlaigh air seo agus go leor le foghlaim do gach aon duine ann.

Bileog oibre d’Fhoghlaimeoirí Iodáilise

Meascán de theanga a fhoghlaim, eolas a chur ar an stair agus lán do shúl a fheiceáil.

Do Scoileanna

The Crawford at the Castle

Léargas criticiúil mar threoir ar an taispeántas sealadach seo (D.F. 2016 go Feabh. 2017) agus uirlis tacaíochta do dhaltaí atá ag déanamh an Páipéar Ealaíne san Ardteistiméireacht.

Bileog Oibre do Bhunscoileanna

Eochair do dhaltaí chun teacht isteach ar an gCaisleán agus plé le cúrsaí staire, tíreolaíochta, ealaíne, ailtireachta agus saoránaíochta.

Bileog Oibre don Teastas Sóisearach

Is féidir le daltaí an bhileog oibre seo, nó cuid di, a úsáid chun cuairt spreagúil agus chomhpháirteach a chruthú. Is féidir leo díriú ar na míreanna is ansa leo.

Léann Clasaiceach don Teastas Sóisearach

Léargas léannta agus spórtúil ar an ársaíocht, agus ar áiteanna, déithe agus daoine ársa.