Buaicphointí an Bhailiúcháin

Cuid de na Píosaí is Suntasaí i mBailiúchán na Seomraí Stáit

I measc bhuaicphointí…

… an bhailiúcháin tá an trí phictiúr ollmhóra chanbháis ar shíleáil Halla Naomh Pádraig leis an ealaíontóir Iodálach Vincenzo Waldré. Tógtha mar aonad is iad an tsíleáil phéinteáilte is tábhachtaí a tháinig aníos chugainn in Éirinn ón ochtú haois déag. Tá sraith de sheacht bpictiúr mhiotaseolaíocha le Gaetano Gandolfi i measc na sraitheanna is mó le rá de phictiúir Iodálacha ón ochtú haois déag ar taispeáint in aon áit in Éirinn. Tá béim ar leith ar phortráidí foirmeálta agus oifigiúla sa bhailiúchán freisin. Tá portráid ón seachtú haois déag de chuid an phéintéara Phléimeannaigh, Sir Anthony Van Dyck, a bhfuil cáil idirnáisiúnta tuillte aige, ina measc. Mar aon leis sin tá portráidí de mhonarcaí na Breataine agus a gcuid céilí, ón Rí Seoirse II go dtí an Bhanríon Victoria, agus sraith eisiach de fiche portráid d’Fhir Ionaid na hÉireann sa bhailiúchán. Ar na buaicphointí eile atá le feiceáil tá troscán agus cloig Fhrancacha ón ochtú haois déag, troscán Éireannach den scoth ón ré Sheoirseach agus Victeoiriach, síleálacha pláistéireacht rocócó, dealbha nuachlasaiceacha, coinnleoirí craobhacha de chriostal Phort Láirge, poirceallán Stáit na hÉireann, agus an iomaí rud eile nach iad.