Taispeántais

Tá idir Thaispeántais Reatha agus Sheantaispeántais sa Chaisleán Liostáilte Thíos

MAKING MAJESTY:
ROYALS, REPUBLICANS, AND THE THRONE ROOM AT DUBLIN CASTLE

25 Meán Fómhair 2017 – 28 Aibreán 2018

Cuir síos ar spás ar leith agus ar na daoine a bhain leis atá sa taispeántas seo. I gcaitheamh na n-aoiseanna bhí Caisleán Bhaile Átha Cliath luaite go dlúth leis an saol sóisialta agus polaitíochta a bhain le riail na Breataine in Éirinn. I gcroílár na Seomraí Stáit pálásta a bhí Seomra na Ríchathaoireach. Cruthaíodh an seomra seo in 1788 agus ba é lárionad na searmanas ríoga agus leasríoga sa tír go dtí 1922. Ba sa seomra seo, freisin, a chuir Dónall Ó Conaill a dhintiúir i láthair mar an chéad mhéara Chaitliceach ar Bhaile Átha Cliath ó réimeas Shéamais II. Agus is anseo a chuir Éamon de Valera agus Cathal Ó hEochaidh fáilte roimh phearsana idirnáisiúnta mar cheannairí ar Éirinn neamhspleách.

I gcaitheamh na n-aoiseanna bhí Seomra na Ríchathaoireach á shíorathrú de réir mar a bhí ag teastáil ó roinnt de na daoine is cumhachtaí i stair na hÉireann i gcoitinne. Scrúdaíonn an taispeántas seo an t-athrú sin. Tógann an taispeántas le chéile réimse earraí atá luaite le hionad ar leith Sheomra na Ríchathaoireach i stair na hÉireann agus nochtann sé an scéal sa chúlra; dearadh, léiriú agus déanamh na maorgachta.

BURNING BOOKS, JUNE 1922:
THE DESTRUCTION AND RECREATION OF THE IRISH PARLIAMENTARY BOOKBINDINGS

3 Aibreán 2017 – 1 Meán Fómhair 2017
Gailearaithe na Seomraí Stáit

I mblianta deireanacha an naoú haois déag taispeánadh bailiúchán de 149 imleabhar mór i gcumhdaigh ghleoite don bhailitheoir leabhar agus ceanglóir leabhar amaitéarach Sir Edward Sullivan. Bhí siad curtha i dtaisce agus ligthe i ndearmad ar feadh na mblianta fada in Oifig na dTaifead Poiblí i mBaile Átha Cliath. Is é a bhí iontu, mar a tháinig chun solais, ná na hIrisleabhair ó Theach na dTiarnaí agus ó Theach na dTeachtaí i Seanpharlaimint na hÉireann, a raibh deireadh curtha leis mar chuid d’Acht an Aontais 1800. Ar ámharaí an tsaoil, rinne Sullivan cuimilteán de gach uile cheann den 149 imleabhar, atá i dtaisce sa Leabharlann Náisiúnta inniu, mar go ndearnadh Oifig na dTaifead Poiblí a scriosadh i bpléascadh ag tús an Chogaidh Chathartha in 1922. Díothaíodh na cumhdaigh áille go léir sa dhóiteán.

Sa bhliain 1990, thosaigh an bailitheoir leabhar Philip Maddock ar bhunachar sonraí amhairc d’uirlisí láimhe Éireannacha a chur le chéile agus é spreagtha ag na híomhánna a léiríodh i saothar Maurice Craig, Irish Book Bindings, 1600-1800. Bhí sé bunaithe ar scanaí de chumhdaigh bhunaidh agus é mar aidhm aige macasamhail dhigiteach a dhéanamh de cheann d’Irisleabhair chaillte Pharlaimint na hÉireann. Bhí cuma bhreá ar an gcéad iarracht, Commons Journal 1757, ach níorbh leabhar é. Le cabhair an cheanglóra leabhar Trevor Lloyd thosaigh Maddock ar thogra mór nua: macasamhail de chúig cinn déag de na hIrisleabhair Pharlaiminte a chruthú, bunaithe ar a bhí fágtha ag Sullivan. Tá ceithre cinn déag de na hirisleabhair iontacha sin le feiceáil sa taispeántas seo, mar aon leis na huirlisí críche a coimisiúnaíodh go speisialta don togra seo. Mar bharr air sin, tá samplaí de chumhdaigh Éireannacha ón ochtú haois déag ar taispeáint agus cuid de na heagráin chlóbhuailte d’Irisleabhair na dTiarnaí agus na dTeachtaí i gcumhdaigh thaispeána.

SAFETY AT SEA THROUGH WAR AND UPHEAVAL:
IRISH LIGHTS 1911-1923

27 Feabhra 2017 – 7 Aibreán 2017
Teach an Chóiste (Gairdíní Chaisleán Bhaile Átha Cliath)

Eagraíocht mhara iad Coimisinéirí Soilse na hÉireann a chuireann seirbhís sábháilteachta riachtanach ar fáil thart timpeall ar chósta na hÉireann, ag cosaint na timpeallachta muirí agus ag tacú le pobail an tionscail mhuirí agus an chósta.

Trí úsáid a bhaint as fhoinsí ar leith, insíonn an taispeántas seo scéal Shoilse na hÉireann sa tréimhse chorraitheach thart ar an gCéad Chogadh Domhanda agus Cogadh na Saoirse, agus conas a lean sé i mbun a mhisin, an uile dhuine a choinneáil slán ar muir, i rith an ama sin.
Cead isteach saor in aisce.

THE CRAWFORD AT THE CASTLE:
THREE CENTURIES OF IRISH ART FROM A NATIONAL COLLECTION

8 Deireadh Fómhair 2016 – 12 Feabhra 2017

Is é atá sa taispeántas seo bailiúchán Ghailearaí Ealaíne Crawford ó Chorcaigh á léiriú i mBaile Átha Cliath den chéad uair sa beagnach 200 bliain is ann dó.

Tá 59 saothar d’ealaín na hÉireann roghnaithe ó bhailiúchán buan an Crawford ar taispeáint sna Seomraí Stáit stairiúla agus sa Teach Cóiste ag Caisleán Bhaile Átha Cliath. Is spéisiúil na macallaí atá idir an dá ionad.

IN THE SHADOW OF THE CASTLE: DUBLIN CASTLE IN 1916

6 Aibreán 2016 – 21 Meán Fómhair 2016

Scéal an Chaisleáin le linn Éirí Amach 1916 a bhí á insint sa taispeántas taibhsiúil spéisiúil seo. Léiríodh an t-ionsaí a rinneadh ar an gCaisleán, bunú Ospidéal na Croise Deirge – tráth a rinneadh bardaí ospidéil de Sheomra na Ríchathaoireach, den Pharlús agus de Ghailearaí na bPortráidí – agus laethanta deireanacha Shéamais Uí Chonghaile sa Chaisleán sula mbogadh go Príosún Chill Mhaighneann é le cur chun báis.

PINNACLES, POMP & PIETY: 200 YEARS OF THE CHAPEL ROYAL AT DUBLIN CASTLE

24 Meán Fómhair 2015 – 6 Márta 2016

Mar chuid de chomóradh dhá chéad bliain an tSéipéil Ríoga, thug an taispeántas seo le chéile go leor de na hearraí a bhí sa Séipéal ar an gcéad lá sin, troscán, gréithe airgid agus pictiúir stairiúla san áireamh.

Cuireadh leabhar sármhaisithe, The Chapel Royal, Dublin Castle – An Architectural History, ar fáil i gcomhar leis an taispeántas. Tá aistí ar réimse fíorleathan ábhar le fáil ann, ó cheol go liotúirge go dtí an cheird a bhaineann le ceangailt leabhar agus le gloine daite, agus ó obair stucó go pláta, stuaiceanna agus cloch shnoite. Féach anseo le haghaidh tuilleadh eolais ar an bhfoilseachán seo.

PLAYING WITH TRADITION

4 Meitheamh 2015 – 6 Meán Fómhair 2015

Faoi choimeádaíocht Nuala Goodman, ealaíontóir agus dearthóir Éireannach, agus Mary Heffernan, OOP, chuir an taispeántas seo bailiúchán dochreidte de shaothair os comhair an phobail. San áireamh bhí troscán, earraí criadóireachta, seodra, éadaí, teicstílí agus gréithe a dhear os cionn 30 dearthóir mór le rá ó Éirinn agus thar lear, Philip Treacy, Gaetano Pesce agus Marianna Kennedy ina measc.

THE GRANARD BEQUEST

28 October 2014 – 17 May 2015

D’iarr Jane Beatrice (née Mills, 1882-1972), Cuntaois Ghránard agus bean chéile Sir Bernard Forbes, 8ú Iarla Ghránard, go mbronnfaí roinnt dá saothar ealaíne ar Stát na hÉireann tar éis a báis. Is é atá i dTiomnacht Ghránard bailiúchán de phictiúir, troscán agus cloig bhreátha ón bhFrainc, poirceallán ón Oirthear agus earraí eile ón mbunbhailiúchán ag an Metropolitan Museum i Nua-Eabhrac agus ó thithe Ghránard i bPáras agus sa Longfort. Ó 1973 tá mac Thiarna agus Bhantiarna Ghránard, Sir Arthur Forbes, 9ú Iarla Ghránard, tar éis cur go flaithiúil leis an Tiomacht ar roinnt ócáidí. Lean sé ag bronnadh earraí ar Chaisleán Bhaile Átha Cliath go bliain a bháis in 1992.

ULYSSES CYLINDERS, BY DALE CHIHULY AND SEAVER LESLIE

19 Meitheamh 2014 – 23 Lúnasa 2014

Meascán a bhí sa taispeántas comhpháirteach seo idir ealaín ailceimiceach Dale Chihuly agus léaráidí pinn agus dúigh an phéintéara Seaver Leslie a chruthaigh an bailiúchán eisceachtúil seo de Shorcóirí gloine órga. D’oibrigh na healaíontóirí Flora C. Mace agus Joey Kirkpatrick le léaráidí Leslie ar pháipéar, ag cruthú léaráidí leochaileacha gloine a spreag úrscéal James Joyce, Ulysses. Nasc foireann stiúideo Chihuly na léaráidí seo le Sorcóirí gloine ar leith a chlúdaigh siad le hórdhuille. Tá siad iontach simplí ach tugann siad urraim do scéal casta.

ALEC COBBE: DESIGNER, PAINTER, CONNOISSEUR

6 Meitheamh 2014 – 24 Meán Fómhair 2014

Tá Alec Cobbe ina cheannródaí le níos mó ná 40 bliain ar an tuiscint agus cur i láthair a dhéantar ar bhailiúcháin pictiúr agus maisiúcháin intí stairiúla. Bhain an taispeántas seo macalla as na hábhair seo agus as gnéithe eile dá shaol oibre ilghnéitheach mar ealaíontóir, dearthóir, athchóiritheoir pictiúr, bailitheoir agus saineolaí. Faoi choimeádaíocht Julius Bryant, cuireadh an taispeántas i láthair i Músaem Victoria agus Albert ar dtús, ó mhí na Nollag 2013 go mí Aibreán 2014. Bhí mír sa bhreis sa taispeántas i gCaisleán Bhaile Átha Cliath, seomra a rianaigh turas Cobbe mar phéintéir, a bhí faoi choimeádaíocht ag an ealaíontóir Woody Kim.