Ceisteanna Coitianta

Seo Roinnt Freagraí Úsáideacha ar Cheisteanna a Chuireann Cuairteoirí ag Caisleán Bhaile Átha Cliath go Minic

Conas teacht ar Chaisleán Bhaile Átha Cliath?

Tá Caisleán Bhaile Átha Cliath i gceartlár chathair Bhaile Átha Cliath. Táimid i bhfoisceacht siúlóide de go leor áiteanna a mbíonn tóir ag turasóirí orthu, Coláiste na Tríonóide agus Ard-Eaglais Phádraig ina measc. Stopann go leor rútaí busanna ar shráideanna in aice láimhe, Sráid an Dáma, Sráid an Tiarna Éadbhard agus Sráid Sheoirse san áireamh. Is iad na stadanna Luas is gaire dúinn Faiche Stiabhna (Líne Ghlas) agus Jervis (Líne Dhearg).

An bhfuil páirceáil do chuairteoirí i gCaisleán Bhaile Átha Cliath?

Faraor, níl páirceáil do chuairteoirí ar fáil i gCaisleán Bhaile Átha Cliath. Is iad na láithreacha páirceála poiblí is gaire ná Q-Park Teampall Chríost agus Park Rite An Bóthar Beag.

Conas a cheanaím ticéad?

Faoi láthair, ní féidir ticéid a cheannach ach ar an láthair, ó dheasc na dticéad sna Seomraí Stáit.

Tá Cárta Oidhreachta OOP bailí agam. An gá dom dul sa scuaine do thicéad i gCaisleán Bhaile Átha Cliath?

Is gá. Déanfaidh ár bhfoireann do chárta a scrúdú agus ansin eiseofar ticéad do thuras féintreoraithe nó treoraithe duit.

Conas a dhéanaim áirithint ghrúpa?

Más mian leat áirithint a dhéanamh do ghrúpa de níos mó ná hochtar, glaoigh orainn nó seol rphost chugainn i bhfad roimh ré, le do thoil: +353 1 6458813dublincastle@opw.ie.

Cad é an difríocht idir turas treoraithe agus cuairt fhéintreoraithe?

An difríocht idir an dá rogha seo ná nach bhfuil cead isteach go dtí an Tochailt Lochlannach agus an Séipéal Ríoga ach amháin mar chuid de thuras treoraithe. Tá ticéid féintreoraithe níos saoire ná ticéid do thuras treoraithe. Chomh maith leis sin tugann siad an deis duit cuairt a thabhairt ar na Seomraí Stáit ar do luas féin agus na taispeántais uile ar an láthair freisin, bíodh sin i nGailearaithe na Seomraí Stáit nó i dTeach an Chóiste i nGairdíní an Chaisleáin.

An féidir liom íoc le mo chárta creidmheasa?

Is féidir, glacaimid le gach cárta creidmheasa ach amháin American Express.

Cén fáth gur gá dom mo mhála droma a fhágáil i dtaisceadán sna Seomraí Stáit?

Chun nach mbrúfaí in aghaidh nó nach scríobfaí earraí leochaileacha sna siúlbhealaí agus sna dorchlaí, iarraimid ort do mhála a fhágáil i gceann de na taisceadáin saor in aisce in aice leis na leithris sula dtosaíonn tú do chuairt ar na Seomraí Stáit.

An féidir liom bugaí/pram a thabhairt isteach sna Seomraí Stáit?

Faraor, ní cheadaítear pramanna agus bugaithe i seomraí músaeim na Seomraí Stáit. Cuirfimid iad i dtaisce duit le linn do chuairte – ní gá ach cabhair a lorg ar dhuine d’ár dtreoraithe ag an deasc eolais.

An bhfuil an teach oiriúnach do chathaoireacha rothaí?

Tá gach áit sna Seomraí Stáit oiriúnach do chách, an caifé agus na leithris san áireamh. Beidh ball foirne ábalta tú a thógáil san ardaitheoir go dtí na seomraí músaeim ar an gcéad urlár. Tá an Teach Cóiste ag cúl Ghairdíní an Chaisleáin, ina mbíonn taispeántais go minic, inrochtana, mar atá na gairdíní féin. Tá rochtain ar chuid den Séipéal Ríoga agus is féidir cuairt a thabhairt air mar chuid de thuras treoraithe, ach níl rochtain ar an Tochailt Lochlannach, faraor, mar nach bhfuil bealach ar bith eile chuige ach síos staighre amháin.

An bhfuil clostreoir ar fáil?

Níl clostreoir ar fáil i láthair na huaire ach is féidir an Wi-Fi saor in aisce sa Chaisleán a úsáid chun ár nAip saor in aisce a íoslódáil agus tá teacht ar eolas faoi na taispeántais ansin (ar fáil do Android agus iOS).

An bhfuil ábhar eolais i dteangacha iasachta agaibh?

Tá, tá leabhrán le heolas ar na seomraí músaeim sna Seomraí Stáit le fáil uainn i 17 dteanga: Gaeilge, Béarla, Fraincis, Spáinnis, Gearmáinis, Sínis, Rúisis, Iodáilis, Araibis, Polainnis, Sualainnis, Tuircis, Rómáinis, Portaingéilis, Danmhairgis, Olainnis agus Seapáinis.

An féidir liom grianghraif a ghlacadh?

Is féidir grianghraif agus físeáin a ghlacadh do d’úsáid féin agus tú ar cuairt i gCaisleán Bhaile Átha Cliath. Ba bhreá linn dá roinnfeá iad linn ar na meáin shóisialta. Sna Seomraí Stáit, áfach, cas amach do splanc le do thoil mar go gcuireann solas isteach ar ár mbailiúchán. Tabhair faoi deara freisin, le do thoil, nach bhfuil cead maidí féinín a úsáid taobh istigh d’aon fhoirgneamh le linn do chuairte.

An mbeidh mé ábalta dul isteach sa Séipéal Ríoga?

Ní féidir dul isteach sa Séipéal Ríoga ach má tá tú ar thuras treoraithe.

Conas a bheidh fáil agam ar eolas faoi imeachtaí i gCaisleán Bhaile Átha Cliath?

Cláraigh lenár nuachtlitir le do thoil nó tabhair cuairt ar Cad Atá ar Siúl chun tuilleadh a fhoghlaim faoinár gclár spleodrach imeachtaí.

Táim ag freastal ar chomhdháil i gCaisleán Bhaile Átha Cliath. Cá bhfuil láthair na comhdhála?

Íoslódáil mapa de Chaisleán Bhaile Átha Cliath anseo chun láthair do chomhdhála a aimsiú. Beidh ár bhfoireann ar an láthair breá sásta treoir a thabhairt duit freisin.