Taighde

Foilseacháin Nua ar Fáil le Ceannach i Siopa Leabhar an Chaisleáin

Is é ár misean…

… i gCaisleán Bhaile Átha Cliath an láithreán stairiúil seo agus a bhfuil ann a ‘chaomhnú, a chosaint agus a choinneáil ar iontaobhas’ ‘de réir a dtábhacht agus a bhfeidhmeanna náisiúnta’. I dtaca leis sin, tá clár taighde gníomhach ag Caisleán Bhaile Átha Cliath a bhfuil d’aidhm aige an tuiscint is iomláine is féidir a fháil ar stair chultúrtha, shóisialta agus pholaitíochta an Chaisleáin agus a bhailiúchán ar leith. Tá i gceist againn taighde atá bunaithe ar na bunfhoinsí a threorú agus a fhorbairt sa chaoi go mbeidh ár leabhair, bileoga, taispeántais agus turais threoraithe chomh saibhir agus chomh taitneamhach agus is féidir. Creidimid go mbeimid níos ábalta an sainchomhartha iontach seo a chaomhnú, a léirmhíniú agus a thabhairt chun solais má thuigimid níos fearr ár láithreán agus na déantúsáin atá ann, chun tairbhe na tíre agus an iliomad cuairteoirí a gcuirimid fáilte rompu gach bliain.

Díríonn an togra taighde atá ar bun againn faoi láthair ar stair Sheomra na Ríchathaoireach i gCaisleán Bhaile Átha Cliath. Tá i gceist go gcuirfí ar fáil an chéad taifead iomlán den spás tábhachtach stairiúil seo agus na daoine a dhear, a mhaisiagh agus a d’úsáid é. Beidh foilseachán léannta agus taispeántas mar thoradh ar an togra in 2017. Tá foilseacháin éagsúla den chineál céanna a d’eascair ó thaispeántais agus ó thograí taighde san am atá thart le feiceáil thíos.

The Crawford at the Castle: Three Centuries of Irish Art from a National Collection

Peter Murray a chur in eagar, le brollach ó John R. Bowen agus réamhrá ó Myles Campbell
An OOP a d’fhoilsigh, 2016
ISBN: 9781406429336

Seo catalóg a ghabh leis an taispeántas a d’oscail i mí Dheireadh Fómhair 2016 sna Seomraí Stáit agus sa Teach Cóiste i gCaisleán Bhaile Átha Cliath. Anne Boddaert agus an Dr Michael Waldron a bhí i mbun coimeádaíochta ar an taispeántas seo de 60 saothar ealaíne a fheidhmíonn mar shuirbhé d’ealaín na hÉireann ó 1730 go 2015.

Tá an chatalóg le ceannach ag deasc na dticéad i gCaisleán Bhaile Átha Cliath ar €10.

The Chapel Royal, Dublin Castle: An Architectural History

Myles Campbell agus William Derham a chur in eagar
An OOP a d’fhoilsigh, 2015
ISBN: 9781406428902

An comóradh dhá chéad bliain a rinneadh ar an gcéad seirbhís sa Séipéal Ríoga, Caisleán Bhaile Átha Cliath, ar lá Nollag 1814 ba ea a spreag an leabhar seo. Is é an t-iontas faoi nár smaoiníodh ar an leabhar seo roimhe sin. Tá réimse leathan d’ábhar nár foilsíodh go dtí seo mar aon le taighde nua atá tugtha chun solais ag na scríbhneoirí éagsúla, saineolaithe ina réimsí féin, a chuireann go mór lenár dtuiscint ar an Séipéal Ríoga.

Tá an leabhar seo le ceannach ag deasc na dticéad i gCaisleán Bhaile Átha Cliath ar €20.

William Despard Hemphill: Irish Victorian Photographer

Karol Mullaney-Dignam a chur in eagar
An OOP a d’fhoilsigh, 2014
ISBN: 9781406428254

Fear leighis gairmiúil le réimse leathan suimeanna ba ea William Despard Hemphill, a thriail na teicnící grianghrafadóireachta ba nuálaí agus a bhuaigh roinnt gradam mór le rá dá réir. Ag an am ba chaitheamh aimsire casta, costasach agus dainséarach, go fiú, an ghrianghrafadóireacht ach bhí Hemphill ar na chéad daoine le mionghrianghrafadóireacht a dhéanamh ar shéadchomharthaí cosúil le Carraig Phádraig i gCaiseal Mumhan agus Mainistir na Croiche. Cuireadh fáilte roimhe freisin i roinnt de na ‘tithe móra’ thart ar Chluain Meala, ina raibh spéis mhór sa ghrianghrafadóireacht amaitéarach.

Sensing Next: Alec Cobbe Painting

Le Woody Kim
An OOP a d’fhoilsigh, 2014
ISBN: 9780953820344

Tuairisc atá san fhoilseachán seo ar thaispeáint phictiúr agus phriontaí de chuid Alec Cobbe i gCaisleán Bhaile Átha Cliath in 2014. An t-ealaíontóir Cóiréach, Woody Kim, atá bunaithe i Londain a chruthaigh. Anseo, scrúdaíonn Kim turas Cobbe mar ealaíontóir thar thréimhse 45 bliain. Tráchtann sé ar chúig théama ar leith: míreanna amharclainne, claochlú, am agus gluaiseacht, comhoiriúnú agus saothair nua.

Dublin Castle Art: The Historical and Contemporary Collection

Le Róisín Kennedy
An OOP a d’fhoilsigh, 1999
ISBN: 070766280X

Tugann an leabhar seo an chéad treoir don bhailiúchán cuimsitheach dealbhóireachta agus péintéireachta sna Seomraí Stáit, agus do shaothair ealaíne eile atá i gCaisleán Bhaile Átha Cliath chomh maith. Tá sé d’aidhm aige béim a leagan ar thábhacht na healaíne do Chaisleán Bhaile Átha Cliath san am atá thart agus sa lá inniu, araon, agus tuiscint don chomhthéacs a thabhairt don léitheoir. Tá na saothair ealaíne uile, idir shean agus nua, mar chuid de chreatlach an Chaisleáin anois agus tugann siad léargas ar leith ar an áit fhíorspéisiúil seo dúinn.