Gairdíní an Chaisleáin

Seanláthair an ‘Dubh Linn’

Tá gairdíní i gCaisleán Bhaile Átha Cliath ó bhlianta luaithe an seachtú haois déag ar a laghad.

Tá siad suite díreach ó dheas ón Séipéal Ríoga agus na Seomraí Stáit agus iad timpeallaithe ag balla cloiche. Tá bealach isteach go dtí na gairdíní trí gheataí iarann saoirsithe atá bunaithe ar chiorcail Cheilteacha. Tá gairdín ‘ceithre shéasúr’ ann agus ina dhiaidh sin ceithre cinn de ghairdíní níos lú, ceann ag gach cúinne den láthair. Tá saothair dhealbhóireachta a coimisiúnaíodh go speisialta ar taispeáint iontu go léir. Tá trí cinn acu seo ainmnithe mar ghairdíní cuimhneacháin. Tá ceann amháin tiomnaithe don iriseoir iniúchta Veronica Guerin. Tá dealbh chré-umha i ngairdín eile a chomórann na Cluichí Oilimpeacha Speisialta a reáchtáladh in Éirinn sa bhliain 2003. Chabhraigh 30,000 oibrí deonach leis na cluichí agus tá a n-ainmneacha siúd inscríofa ar phlaiceanna anseo.

Is é Gairdín Cuimhneacháin an Gharda Síochána an tríú ceann de na gairdíní cúinne. Athchóiríodh agus críochnaíodh an gairdín foscúil seo, an ceann is mó díobh, in 2009. Tá ainmneacha na nGardaí Síochána go léir a maraíodh i mbun dualgais inscríofa ar liosta na laochra sa ghairdín seo. Tá roinnt dealbh mar chuid den leagan amach chomh maith. Is é atá i gceist leis na saothair seo, agus le dearadh iomlán an ghairdín, léargas a thabhairt ar an gcaoi a fhágann bás anabaí dhaoine muinteartha rian nó lorg, mar a bheadh cuilithíní ar lochán, orthu siúd a fhágtar taobh thiar.

I gcroílár na ngairdíní tá an bháinseach fhéarmhar ar a dtugtar Gairdín Dubh Linn. Tá patrún de phéisteanna farraige bearrtha isteach sa phlásóg fhéir seo atá os cionn nó in aice le láthair an sean- ‘dubh linn’ a bhí mar chuan ag na Lochlannaigh. Is ann a bhunaigh siad a mbunáit trádála ar dtús. Ar ndóigh ba í an ‘dubh linn’ seo a thug a hainm don chathair a d’fhás timpeall uirthi: Dublin.

Tá an-tóir ar Ghairdíní an Chaisleáin i measc chuairteoirí agus mhuintir Bhaile Átha Cliath araon. Ar laethanta breátha i rith an tsamhraidh is gnách na gairdíní a bheith ag cur thar maoil le daoine ag baint sult as áilleacht na háite speisialta seo.