Ticéid agus Amanna

Oscailte Gach Lá; Scrollaigh Chun Roghanna Maidir le Cuairteanna agus Cur in Áirithe a Fheiceáil.

Luan – Domhnach agus Laethanta Saoire Bainc: 9:45 – 17:45 (cead isteach deireanach 17:15).

Dúnta: 25, 26 agus 27 Nollaig, agus 1 Eanáir.

Turais Threoraithe

Tógann na Turais Threoraithe thart ar 70 nóiméad agus tá cuairt ar na Seomraí Stáit, an Tochailt Lochlannach agus an Séipéal Ríoga san áireamh.

Cead Isteach

Duine Fásta €10
Seanóir (60+) €8
Mac Léinn (is gá aitheantas mac léinn bailí) €8
Páiste (12-17) €4
Teaghlach (uasmhéid de 2 dhuine fásta agus 5 pháiste) €24

Féintreorú

Tá an rogha ag cuairteoirí a slí féin a dhéanamh (cead isteach go dtí na Seomraí Stáit agus na taispeántais amháin). Cuirimid leabhráin ar fáil i dtaobh na Seomraí Stáit in 13 theanga ag an deasc ticéad chomh maith le hacmhainní eolais eile – ní gá ach ceist a chur ar dhuine dár dtreoraithe ag an deasc eolais sna Seomraí Stáit.

Tá aip Chaisleán Bhaile Átha Cliath ar fáil le híoslódáil saor in aisce agus tá clostreoir do na Seomraí Stáit ansin chomh maith.

Cead Isteach

Duine Fásta €7
Seanóir (60+) €6
Mac Léinn (is gá aitheantas mac léinn bailí) €6
Páiste (12-17) €3
Teaghlach (uasmhéid de 2 dhuine fásta agus 5 pháiste) €17

Cártaí Oidhreachta

Faigh cead isteach saor in aisce go dtí gach Láthair Oidhreachta de chuid an OOP ar a bhfuil táille iontrála ar feadh bliain ón gcéad úsáid leis an gCárta Oidhreachta! Tá Cártaí Oidhreachta ar fáil ó dheasc na dticéad i gCaisleán Bhaile Átha Cliath agus is mór is fiú iad: i mBaile Átha Cliath, mar shampla, is féidir cead isteach saor in aisce a fháil go dtí Caisleán Bhaile Átha Cliath, Príosún Chill Mhaighneann nó Casino Marino leis an gCárta Oidhreachta. Chun liosta iomlán de Láithreacha Oidhreachta an OOP i mBaile Átha Cliath agus ar fud na tíre a fheiceáil, brúigh anseo.

Tá costas mar a leanas ar an gCárta Oidhreachta:

Duine Fásta €40
Seanóir (60+) €30
Mac Léinn (is gá aitheantas mac léinn bailí) €10
Páiste (12-17) €10
Teaghlach (uasmhéid de 2 dhuine fásta agus 5 pháiste faoi 18) €90

Brúigh anseo d’eolas sa bhreis ar Chárta Oidhreachta an OOP.

Áirithintí Scoile

Ní ghearrtar táille ar thurais scoile ach is gá áirthint roimh ré a dhéanamh, áfach.
Chun turas scoile a eagrú nó chun eolas a fháil faoinár gceardlanna agus imeachtaí oideachasúla eile, bí i dteagmháil linn le do thoil.

Chun a thuilleadh a fháil amach faoinár gclár oideachais nó chun na pacáistí d’ábhar oideachasúil a chuirimid ar fáil a fheiceáil, brúigh anseo.

Áirithintí do Ghrúpaí Ginearálta

Is gá áirithint a dhéanamh roimh ré do ghrúpaí de níos mó ná 8 duine. Bí i dteagmháil linn maidir le rátaí grúpaí nó chun áirithint a dhéanamh.

Cuirimid rátaí speisialta ar fáil do chomhlachtaí taistil do chuairteanna réamháirithe (idir threoraithe agus fhéintreoraithe) do ghrúpaí. Seol rphost chugainn le haghaidh sonraí sa bhreis.

Eolas Tábhachtach

Is foirgneamh oibre de chuid Rialtas na hÉireann é Caisleán Bhaile Átha Cliath agus d’fhéadfaí slándáil, rochtain ar sheomraí agus uaireanta oscailte a athrú ar gearrfhógra, dá réir sin. Déanfar gach iarracht na hathruithe seo a fhógairt ar ár suíomh idirlín roimh ré, ach gabhaimid leithsceál as aon mhíchaoithiúlacht dá bharr.