Turais

Tar ar thuras fíorspéisiúil le duine dár dtreoraithe seanchleachta!

Turais Threoraithe Laethúla

Bí le duine dár dtreoraithe seanchleachta ar thuras fíorspéisiúil a thógann tú ó láthair thochailte Bhaile Átha Cliath na Lochlannach agus na Meánaoise go dtí an Séipéal Ríoga Gotach agus ar deireadh go dtí áilleacht Seomraí Stáit Fhir Ionaid an Rí. Is féidir an aip fhéintreoraithe a íoslódáil saor in aisce anseo freisin.

Cuirimid turais saor in aisce ar fáil do bhunscoileanna agus do mheánscoileanna (is gá iad a chur in áirithe roimh ré). Tá turais agus ceardlanna do pháistí ar fáil ónár roinn Oideachais.

Molaim an turas treoraithe a thógáil, bainfidh tú an-sult go deo as na scéalta a bhaineann le gach cuid den chaisleán, sean agus nua.

Táim díreach tar éis turas Chaisleán Bhaile Átha Cliath agus 1916 a thógáil. Bhí sé sármhaith! Thug an treoraí sinn go háiteanna a bhain leis an Éirí Amach agus thug sé cuntais ó fhinnéithe súl a bhí ann ag an am dúinn. Iontach ar fad!

Bhí sé de phléisiúr agam turas treoraithe a thógáil le treoraí dea-labhartha, oilte. D’fhoghlaim mé an t-uafás.

Brúigh anseo maidir le hamanna, ticéid agus táillí.

Na Seomraí Stáit

Seasann na Seomraí Stáit amach ar an taobh ó dheas den Chlós Mór. Tógadh iad mar cheathrúna cónaithe agus poiblí do chúirt an fhir ionaid. Is iontu a bhí croílár an fheidhmeannais agus is orthu a bhí saol faiseanta, diomailteach na linne dírithe. Sa lá atá inniu ann, feidhmíonn siad mar láthair d’Uachtaránacht na hÉireann ar an Aontas Eorpach, d’insealbhú an Uachtaráin agus d’ócáidí measúla eile.

An Tochailt Lochlannach

Tá an Tochailt Lochlannach sa Lusca Meánaoiseach ag leibhéal íochtarach na talún i gClós Íochtarach an Chaisleáin, trasna ón Séipéal Ríoga. Tagann ballaí na cathrach le chéile le ballaí an Chaisleáin ag an bpointe seo. Tá an stua dúbailte agus an cúlgheata le feiceáil go fóill anseo. Tá múr cosanta na Lochlannach le feiceáil anseo chomh maith, taobh istigh den bhuta i dTúr Púdair na Normannach, a bhí cúig stór ar airde nuair a tógadh ar dtús é.

An Séipéal Ríoga

Foirgneamh i stíl na hathbheochana gotaí atá sa Séipéal Ríoga. Ba é Francis Johnston a dhear é. Tá cáil ar an séipéal as na boghtaí, an maisiúchán plástair fíormhín, agus na saothair dharach agus gailearaithe snoite atá le feiceáil ann. Gné an-spéisiúil de ná armas na nGiúisteoirí, na bhFear Ionad agus na nArd-Leifteanant: ó cheann Hugh de Lacy (1172), a cuireadh suas ar dtús dhá bhliain tar éis teacht na Normannach, go dtí ceann FitzAlan (1922), an Fear Ionaid deiridh, a cuireadh sa spás deireanach a bhí fágtha, aisteach go leor.