Mars agus a Ainmhithe Sácráilte
Mars agus a Ainmhithe Sácráilte, le Gaetano Gandolfi, 1767. Ceann de shé radharc mhiotaseolaíocha ag léiriú cumhacht na nDéithe. Rinneadh an pictiúr in Bologna in 1767. Cheannaigh Oifig na nOibreacha Poiblí é agus chuir i Seomra na Ríchathaoireach in 1839. Grianghraf le Mark Reddy Trinity Digital Studios.
Elizabeth Leigh, Cuntaois Southampton
Elizabeth Leigh, Cuntaois Southampton, le Sir Anthony van Dyck, c.1640–41. Tugtha mar bhronntanas do Stát na hÉireann in 1973 mar chuid de Thiomnacht Ghránard.
Bord an Phríosúnaigh
‘The Prisoner’s Table’, le déantóir anaithnid, c.1861. Deirtear gur príosúnach i bPríosún na bhFeichiúnaithe i mBaile Átha Cliath a rinne an bord maircíneachta mionsaothraithe seo mar bhronntanas don Bhanríon Victoria. Tá sé i mBailiúchán Chaisleán Bhaile Átha Cliath ó 1908 ar a laghad. Grianghraf le Mark Reddy Trinity Digital Studios.
An Rí Seoirse III agus Britannia agus Hibernia lena ais
An Rí Seoirse III agus Britannia agus Hibernia lena ais, le Vincenzo Waldré, 1788-1802. Ceann de thrí phictiúr ollmhóra chanbháis atá mar mhaisiú ar shíleáil Halla Naomh Pádraig. George Nugent Temple Grenville, 1ú Marcas Buckingham, a choimisiúnaigh agus é mar Fhear Ionaid na hÉireann. Grianghraf le Mark Reddy Trinity Digital Studios.
Coinnleoir Craobhach Práis, le Higginbotham, Thomas & Co., 1839.
Coinnleoir Craobhach Práis, le Higginbotham, Thomas & Co., 1839. Ceann amháin d’fhoireann de chúig choinnleoir ornáideacha phráis a coimisiúnaíodh do Sheomra na Ríchathaoireach agus a bhfuil móitífeanna an róis, an fheochadáin agus na seamróige le feiceáil orthu, ag tagairt do Shasana, Albain agus Éire. Grianghraf le Mark Reddy Trinity Digital Studios.
Henry Boyle, 3ú Iarla na Sionainne
Henry Boyle, 3ú Iarla na Sionainne, luaite le William Cuming, c.1810. Portráid d’Iarla na Sionainne agus é gléasta i róbaí Ord Naomh Pádraig. Tharla searmanais insealbhaithe an oird ridireachta seo i Halla Naomh Pádraig i gCaisleán Bhaile Átha Cliath. Grianghraf le Mark Reddy Trinity Digital Studios.
Próca Iodálach le Béithe Apallónacha
Próca Iodálach le Béithe Apallónacha, le déantóir anaithnid, 18ú hAois. Próca de mharmar Carrara a bhí ag Teach Lyons, Co. Chill Dara roimhe sin. Cheannaigh Oifig na nOibreacha Poiblí é do Chaisleán Bhaile Átha Cliath in 1962. Grianghraf le Mark Reddy Trinity Digital Studios.
John William Ponsonby, 4ú Iarla Bessborough
John William Ponsonby, 4ú Iarla Bessborough, le Stephen Catterson Smith, c.1846. Portráid d’Iarla Bessborough agus réalta agus suaitheantas Ord Naomh Pádraig á gcaitheamh aige. Ceann amháin as an mbailiúchán d’fhiche portráid d’Fhir Ionaid na hÉireann atá i gCaisleán Bhaile Átha Cliath. Grianghraf le Mark Reddy Trinity Digital Studios.
An Banríon Victoria
An Banríon Victoria, le John Partridge, 1842. Portráid den Bhanríon Victoria agus í trí bliana agus fiche d’aois. Péinteáilte do Chaisleán Bhaile Átha Cliath. Tá leagan eile sa Bhailiúchán Ríoga ag Frogmore House, Windsor. Grianghraf le Mark Reddy Trinity Digital Studios.
Clog Louis XVI ag léiriú Diána, Cúipid agus Endymion
Clog Louis XVI ag léiriú Diána, Cúipid agus Endymion, le Manière Pháras, c.1778–93. Clog cré-umha agus ór tacair a bronnadh ar Stát na hÉireann in 1973 mar chuid de Thiomnacht Ghránard. Grianghraf le Harry Reid.
Coinnleoir craobhach criostail, le Criostal Phort Láirge
Coinnleoir craobhach criostail, le Criostal Phort Láirge, c. 1966. Ceann amháin de chúig cinn de choinnleoirí craobhacha gloine shnoite a cuireadh sa Pharlús Stáit mar chuid den athchóiriú ar an seomra idir 1964 agus 1968. Grianghraf le Mark Reddy Trinity Digital Studios.
An Ríchathaoir
An Ríchathaoir, le déantóir anaithnid, c.1821. Deirtear gur réitíodh é seo faoin téastar stáit i Seomra na Ríchathaoireach nuair a tháinig an Rí Seoirse IV ar cuairt i mí Lúnasa 1821. Grianghraf le Mark Reddy Trinity Digital Studios.
Cathaoir Fhear Ionaid an Rí
Cathaoir Fhear Ionaid an Rí, le déantóir anaithnid, 1864-1866. Ceann amháin de dhá cheann de ríchathaoireacha a cuireadh i suíocháin an Fhir Ionaid sa Séipéal Ríoga le linn do John Wodehouse, 1ú Iarla Kimberley a bheith mar Fhear Ionaid. Grianghraf le Davison & Associates.
Fuaraitheoir Fíona
Fuaraitheoir Fíona le James Hicks, c. 1890. Fuaraitheoir fíona mahagaine i gcruth sharcafagais, maisithe le suaitheantais Ord Naomh Pádraig. Rinneadh leagan níos luaithe de do Lóiste an Fhir Ionaid, Áras an Uachtaráin anois, thart ar an mbliain 1812. Mack, Williams & Gibton a rinne an leagan lua de réir dhearadh Francis Johnston. Léaráid a foilsíodh in Cabinet Dictionary Sheraton in 1803 a bhí mar fhoinse ag Johnston dá dhearadh siúd. Grianghraf le Mark Reddy Trinity Digital Studios.