Tá Caisleán Bhaile Átha Cliath ar cheann de na foirgnmh is tábhachtaí i stair na hÉireann.
Ó 1204 go dtí 1922 ba ann a bhí cumhacht Shasana, agus na Breataine níos faide anonn, cruinnithe in Éirinn. Le linn an ama sin bhí sé mar áras cónaithe ag ionadaí Rí Shasana in Éirinn, Fear Ionaid an Rí, agus baineadh úsáid as mar ionad searmanais agus riaracháin. Forbraíodh an Caisleán ar dtús mar dhaingean meánaoiseach faoi ordú ó Rí John Shasana. Bhí ceithre thúr ar na coirnéil agus imbhallaí arda eatarthu, tógtha timpeall ar chlós mór i lár baill. Tógadh an Caisleán ar thalamh ard ar a raibh lonnaíocht Lochlannach roimhe sin. Ceaptar go raibh láthair an tseanchaisleáin thart ar an áit a bhfuil Clós Uachtarach an Chaisleáin sa lá inniu ann. Bhí formhór de ina sheasamh fós suas go dtí mí Aibreán 1684, nuair a rinne tine ollmhór dochar millteach do go leor den fhoirgneamh. In ainneoin damáiste na tine, tá cuid de na struchtúir mheánaoiseacha agus Lochlannacha gan leagan go fóill agus is féidir le cuairteoirí iad a fheiceáil go dtí an lá inniu.
- Léarscáil de Bhaile Átha Cliath in 1610 le John Speed, athchló 1896 Fearann Poiblí
- Radharc ar Chaisleán Bhaile Átha Cliath ó léarscáil Charles Brooking de Bhaile Átha Cliath, c.1728. Pieterse Davison International.
- Sir Henry Sidney ag fágáil Chaisleán Bhaile Átha Cliath. Mionsonra ó phláta in The Image of Irelande,le John Derrick (Londain, 1581).
Caisleán Nua
Tosaíodh ar fheachtas atógala tar éis na tine ag deireadh an seachtú haois déag agus isteach san ochtú haois déag. Tiontaíodh an Caisleán ó dhaingean meánaoiseach go dtí pálás Seoirseach. Bhí svuít mhaorga de sheomrai fáilte ar tugadh na Seomraí Stáit orthu mar chuid den fhoirgneamh nua. Bhí cóiríocht d’Fhear Ionaid an Rí sna hárais phálásta seo agus is iontu a thionóltaí na hócáidí móra stáit chomh maith. Le linn mhíonna tosaigh gach bliana bhíodh an Fear Ionaid, agus monarc na Breataine nuair a thagadh sé ar cuairt ó uair go chéile, ina óstach ar shraith ócáidí sóisialta sna Seomraí Stáit. An ‘séasúr’ a baisteadh ar na himeachtaí spraíúla seo agus bhíodh báil stáit, féastaí agus searmanais ríoga d’uaisle na tíre go léir mar chuid de. Cuireadh le háilleacht an Chaisleáin ag tús an naoú haois déag nuair a tógadh an Séipéal Ríoga i gClós Íochtarach an Chaisleáin. Struchtúr maorga i stíl na hAthbheochana Gotaí atá anseo, é ag cur thar maoil le stuaiceanna ar an taobh amuigh agus é lán de ghnéithe ornáideacha ar an taobh istigh. Bhí sé seo mar shéipéal teaghlaigh ag an bhFear Ionaid. Tá sé ar cheann de na buaicphointí ailtireachta den stíl Sheoirseach i mBaile Átha Cliath inniu.
- J. Tudor, A prospect of the Upper Castle Court from the council chamber, Dublin (c.1750). Pieterse Davison International. Leabharlann Naisiúnta na hÉireann.
- Luaite le Francis Johnston, Facade of Chapel Royal, c.1814. Grianghraf Dennis Mortell. Caisleán Bhaile Átha Cliath, OOP.
- R. Havell & Sons i ndiaidh T.S. Roberts, View of Lower Castle Yard, Dublin Castle (1816). Grianghraf Dennis Mortell. Caisleán Bhaile Átha Cliath, OOP.
- Michelangelo Hayes, St Patrick’s Day Military Parade at Dublin Castle, 1844. Grianghraf Dennis Mortell. Caisleán Bhaile Átha Cliath, OOP.
Caisleán Bhaile Átha Cliath sa Lá Inniu
Ar an 16 Eanáir 1922, thug an Fear Ionaid deireanach a bheadh riamh ar Éirinn Caisleán Bhaile Átha Cliath ar láimh do Mhícheál Ó Coileáin agus an rialtas nua ar stát neamhspleách na hÉireann. Bhí Éirí Amach 1916 agus Cogadh na Saoirse tar éis riail na Breataine a thabhairt chun deiridh. Bhí na mórimeachtaí seo lárnach i mbunú Phoblacht na hÉireann agus baint nach beag acu le stair Chaisleán Bhaile Átha Cliath freisin. Ón ócáid stairiúil sin i leith tá traidisiún de shearmanas stáit coimeádta sa siúl sa Chaisleán. Tá rialtas i ndiaidh rialtais tar éis an láthair a úsáid d’ócáidí tábhachtacha náisiúnta, dinnéir agus comórthaí stáit go háirithe. Ó 1938 i leith, rinnedh insealbhú ar gach duine d’Uachtaráin na hÉireann i Halla Naomh Pádraig, an ceann is galánta de na Seomra Stáit.
Tá fáilte curtha le liosta le háireamh ag Caisleán Bhaile Átha Cliath i gcaitheamh na n-aoiseanna, Benjamin Franklin (1771), an Diúc Wellington (1807), Dónall Ó Conaill (1841), an Banríon Victoria (1849, 1853, 1861 agus 1900), Charles Dickens (1864), an Chuntaois Markievicz (1905), Banphrionsa Grace Mhonacó (1961), John F. Kennedy (1963), Charles de Gaulle (1969), Nelson Mandela (1990) agus an Banríon Eilís II (2011) ina measc. Ar na pearsana iomráiteacha atá luaite leis an gCaisleán tá Bram Stoker, údar Dracula, a d’oibrigh anseo ó 1866 go 1878. Cuireann an Caisleán fáilte roimh os cionn ceathrú milliún cuairteoirí in aghaidh na bliana sa lá atá inniu ann. Tá súil againn go mbainfidh tú féin sult as lorg a gcos a leanúint.
- Caisleán Bhaile Átha Cliath. Bailiúchán Grianghrafadóireachta Lawrence. Íomhá le caoinchead Leabharlann Náisiúnta na hÉireann.
- Caisleán Bhaile Átha Cliath. Bailiúchán Grianghrafadóireachta Lawrence. Íomhá le caoinchead Leabharlann Náisiúnta na hÉireann.
- Caisleán Bhaile Átha Cliath. Bailiúchán Grianghrafadóireachta Lawrence. Íomhá le caoinchead Leabharlann Náisiúnta na hÉireann.
- An Séipéal Ríoga. Bailiúchán Grianghrafadóireachta Lawrence. Íomhá le caoinchead Leabharlann Náisiúnta na hÉireann.
- Bram Stoker. Fearann Poiblí.
- Banphrionsa Grace Mhonacó agus an tUachtarán Éamon de Valera ag féasta Stáit i gCaisleán Bhaile Átha Cliath, 10.06.1961, grianghraf Agence Dalmas.
- An Bhanríon Elizabeth II leis an Uachtarán Máire Mhic Giolla Íosa, agus an Dr Martin Mhic Giolla Íosa agus Diúc Dhún Éideann, roimh an Dinnéar Stáit i gCaisleán Bhaile Átha Cliath ar an dara lá de Chuairt Stáit ar Éirinn in 2011. Maxwell Photography.
