Tá séipéal i gCaisleán Bhaile Átha Cliath ó ar a laghad 1242.
Francis Johnston a dhear an séipéal atá ann anois agus osclaíodh é, mar shéipéal Anglacánach an Fhir Ionaid, ar Lá Nollag 1814. Cé go bhfuil sé i bhfad níos lú ná Príomhoifig an Phoist, foirgneamh eile a dhear Johnston in aice láimhe, chosain sé thart ar an oiread céanna le tógáil. Tugadh an Séipéal Ríoga air tar éis don Rí Seoirse IV freastal ar sheirbhís ann ar an 2 Meán Fómhair 1821.
Fágadh an séipéal gan úsáid nuair a d’éirigh le hÉirinn a neamhspleáchas a bhaint amach in 1922 ach rinneadh séipéal Caitliceach de in 1943. Tá sé díchoisricthe anois. Tá na gailearaithe agus na fuinneoga daite maisithe le harmas go leor d’Fhir Ionaid an Rí in Éirinn. Ghlac armas an Fhir Ionaid dheireanaigh, an Tiarna FitzAlan Howard, an spás deireanach ar fad san fhuinneog dheireanach nuair a cuireadh suas é in 1922.