Seasann na Seomraí Stáit amach ar an taobh ó dheas den Chlós Mór.
Tógadh iad mar cheathrúna cónaithe agus poiblí do chúirt an fhir ionaid. Is iontu a bhí croílár an fheidhmeannais agus is orthu a bhí saol faiseanta, diomailteach na linne dírithe. Sa lá atá inniu ann, feidhmíonn siad mar láthair d’Uachtaránacht na hÉireann ar an Aontas Eorpach, d’insealbhú an Uachtaráin agus d’ócáidí measúla eile.
An Staighre Mór
Ba é seo an chéad staighre mór impiriúil dá leithéid i mBaile Átha Cliath. Cruthaíodh in 1749 é. Ba thaibhseach an píosa ailtireachta don té a shiúil isteach sna Seomraí Stáit a bhí ann. Dhreapadh na deibiútaint agus na huaisle an staighre seo le linn an tséasúir shóisialta, iad gléasta go péacach in éide na cúirte agus iad ar a mbealach go dtí báil, féastaí agus ócáidí bronnta a reáchtáil an Fear Ionaid. Ó 1938 i leith, is cuid den phríomhbhealach é ar ócáid an tsearmanais insealbhaithe d’Uachtarán na hÉireann sna Seomraí Stáit.
An Dorchla Stáit
Dearadh an pasáiste galánta Nuachlasaiceach seo in 1758. Bhí sraith de sheomraí fáiltithe foirmeálta Stáit a bhfuil radharc amach ar an bpríomhchlós astu ceangailte leis. Bhí ceathrúna an Fhir Ionaid agus a theaghlaigh le fáil anseo freisin, agus radharc astu sin anuas ar ghairdíní an Chaisleáin. Ag deireadh an phasáiste seo atá an bealach isteach go dtí Seomra na Ríchomhairle. Ba sa seomra sin a thug gach Fear Ionaid nua a mhionn oifige. Ba i Seomra na Ríchomhairle, ar an 16 Eanáir 1922, a thug an Fear Ionaid deireanach Caisleán Bhaile Átha Cliath ar láimh do Mhícheál Ó Coileáin agus rialtas nua Shaorstáit Éireann.
Gailearaithe na Seomraí Stáit
Is sna ceithre sheomra seo a mbíodh cónaí ar an bhFear Ionaid agus a theaghlach. An Seomra Codlata Stáit, Seomra Staidéir an Fhir Ionaid, Seomra Gléasta an Fhir Ionaid agus Boudoir Mná Céile an Fhir Ionaid a thugtar orthu. Tá pláistéireacht rocócó an-fhíneáilte a rinne an stucódóir clúiteach Bartholomew Cramillion sna 1750idí le feiceáil ar shíleáil dhá cheann de na seomraí. Úsáidtear na seomraí mar ghailearaithe sa lá inniu agus cuirtear clár spleodrach de thaispeántais ar fáil iontu. Is minic téamaí a mbaineann go dlúth le stair an Chaisleáin á scrúdú sna taispeántais sin.
Seomra Shéamais Uí Chonghaile
Áit shuntasach i scéal Éirí Amach na Cásca 1916 é Seomra Shéamais Uí Chonghaile. Cuid de cheathrúna an Fhir Ionaid a bhí sa seomra seo tráth. In 1915 rinneadh Ospidéal de chuid na Croise Deirge de, mar aon leis an gcuid eile de na Seomraí Stáit. Saighdiúirí a gortaíodh sa Chéad Chogadh Domhanda a bhí faoi leigheas ann. Is anseo, in 1916, a rinneadh cóireáil ar Shéamas Ó Conghaile de bharr na ngortuithe a d’fhulaing sé agus é ina cheannaire ar éirí amach in aghaidh riail Shasana in Éirinn. Cuireadh ceannairí uile Éirí Amach na Cásca, mar a baisteadh air, chun báis. Ar an 12 Bealtaine 1916 tugadh Séamas Ó Conghaile as seo go dtí Príosún Chill Mhaighneann agus cuireadh chun báis é.
Seomra Apalló
Fuair Seomra Apalló a ainm ón íomhá de dhia Ghréagach na n-ealaíon agus an cheoil, Apalló, atá le feiceáil i lár na pláistéireachta sa tsíleáil. Tarrtháladh an seomra seo ó theach Seoirseach in aice láimhe in 1912 agus suiteáladh sna Seomraí Stáit é sna 1960idí mar chuid de thogra athchóirithe uaillmhianach. Tá an dáta 1746 inscríofa sa tsíleáil a tháinig go Caisleán Bhaile Átha Cliath in aon cheann déag de phíosaí difriúla. Cuireadh iad sin le chéile arís chun sampla iontach de cheardaíocht an ochtú haois déag a athchruthú dúinn.
An Parlús Stáit
Cruthaíodh an Parlús Stáit in 1838 agus bhíodh sé in úsáid den chuid is mó ag mná céile na bhFear Ionad (an Vicereine) mar sheomra suí foirmeálta agus chun éisteachtaí a bheith acu le cúirteoirí Éireannacha. Chuir an bhanríon Alexandra agus an bhanríon Mary fáilte roimh chuairteoirí sa seomra seo le linn na gcuairteanna ríoga in 1907 agus 1911 chomh maith. Tá ceann de na pictiúir is tábhachtaí i mbailiúchán Chaisleán Bhaile Átha Cliath á choimeád sa seomra seo anois, portráid dhéanach de chuid Sir Anthony Van Dyck, duine de mhórphéintéirí portráidí na Eorpa sa seachtú haois déag. Baineann Uachtarán na hÉireann úsáid as an seomra go fóill chun fáilte a chur roimh dhaoine móra le rá ar cuairt.
Seomra na Ríchathaoireach
Ba é Seomra na Ríchathaoireach croílár na searmanas ríoga in Éirinn tráth. Cruthaíodh é sa bhliain 1788 mar sheomra d’Fhear Ionaid an Rí le fáilte a chur roimh aíonna thar ceann mhonarc na Breataine. Chuirtí na deibiútaint óga i láthair na cúirte ann chomh maith, chun a dteacht in inmhe foirmeálta i sochaí na n-uaisle a cheiliúradh. Rinneadh an ríchathaoir do chuairt an Rí Seoirse IV ar Éirinn in 1821 agus d’úsáid an Bhanríon Victoria agus an Rí Éadbhard VII é agus iad ar cuairt sa Chaisleán níos déanaí. Ba é an Rí Seoirse V in 1911 an monarc deireanach a d’úsáid í sular thuill Éire a saoirse. Tá sé phictiúr thábhachtacha mhiotaseolaíocha ar taispeáint os cionn na ndoirse sa spás seo. An t-ealaíontóir Iodálach Gaetano Gandolfini a rinne iad in 1767.
Gailearaí na bPortráidí
Tagann ainm an tseomra seo ón mbailiúchán de phortráidí de na Fir Ionaid atá crochta anseo ó 1849 i leith. Seomra bia ina reáchtáiltí dinnéir Stáit ba ea príomhfheidhm an tseomra. Bhíodh bia costasach agus neamhghnách; ainseabhaithe, mangónna, caibheár, uisce bláth oráiste agus tuilleadh nach iad le fáil sna féastaí anseo ag tús an ochtú haois déag, mar léiriú ar shaibhreas agus ar stádas an Fhir Ionaid agus a chúirt. Úsáideann rialtas na hÉireann an seomra go fóill do bhéilí Stáit. Leagtar an bord le criostal Phort Láirge agus foireann dinnéir an Stáit, ar a bhfuil suaitheantas na tíre, an chláirseach órga, le feiceáil.
An Seomra Wedgwood
Tagann ainm an tSeomra Wedgwood ón maisiúchán gorm agus bán atá déanta air, scéim a thugann dathanna photaireacht Wedgwood chun cuimhne. Críochnaíodh sa stíl Nuachlasaiceach é in 1777 agus bhí sé in úsáid mar sheomra billéardaí an Chaisleáin ina dhiaidh sin. Ní thagann solas an lae isteach ann ach tríd an gcruinneachán beag gloine sa díon agus de bharr sin bhí tarraingt air mar áit chun gairdíní faoi dhíon a chruthú sa naoú haois déag. Líontaí na gairdíní sealadacha seo le scairdeáin uisce agus le héin agus crainn andúchasacha agus bhíodh scíth agus úrú le fáil iontu mar éalú ó na báil agus na féastaí Stáit plúchtacha sa Chaisleán.
An Seomra Gotach
Cruthaíodh an Seomra ciorclach Gotach mar sheomra suipéir in 1775 mar chuid den athchóiriú a rinneadh ar Thúr meánaoiseach Bermingham. Ní haon ionadh é sin mar tá sé suite díreach os cionn chistin an Stáit. Rinne sé sin an-áisiúil é mar áit le dinnéir phríobháideacha a reáchtáil agus mar áit le sólaistí a dháileadh le linn na mbál. Tá tábhacht ar leith leis na háirsí rinneacha agus na foirmeacha Gotacha ann, ó thaobh na hailtireachta de, mar gurb é an sampla is luaithe de stíl na hAthbheochana Gotaí i bhfoirgneamh Stáit in Éirinn. Tá bailiúchán iontach de phictiúir reiligiúnacha agus mhiotaseolaíochta ón séú haois déag, atá ar iasacht ó Bhailiúchán Schorr, ar taispeáint sa seomra seo.
Halla Naomh Pádraig
Tá Halla Naomh Pádraig ar cheann de sheomraí searmanais móra na hÉireann. Forbraíodh é i lár an ochtú haois déag mar bhálseomra an Chaisleáin. In 1788 thosaigh an t-ealaíontóir Iodálach Vincenzo Waldré ar an tsíleáil phéinteáilte agus maireann an tsíleáil sin go fóill mar an scéim is tábhachtaí dá leithéid in Éirinn. Bhaineadh Ridirí Naomh Pádraig, ord ridireachta na hÉireann a bhfuil a suaitheantas fós le feiceáil ar na ballaí, úsáid as an halla mar ionad a gcuid cruinnithe ar feadh i bhfad. Is ann a cuireadh fáilte roimh roinnt de na cuairteoirí Stáit is mó le rá a tháinig go hÉirinn i gcaitheamh na mblianta chomh maith, John F. Kennedy, Banphrionsa Grace Mhonacó agus an Banríon Eilís II ina measc. Ó 1938 is ann a tharlaíonn an ócáid searmanais is tábhachtaí sa Stát, insealbhú Uachtarán na hÉireann.